Acht na Gaeilge

Tá an SDLP gníomhach ar son na Gaeilge agus ar son Acht speisialta a bhunú leis an teanga a chaomhnú agus a chothú. Tá sé thar a bheith riachtanach go mbeidh an tAcht bunaithe ar chearta Gaeilgeoirí a dteanga a úsáid sa saol poiblí gan bhac gan deacracht.

Thíos faoi atá spriocanna de chuid an SDLP:

  • Tacaíonn an SDLP le hAcht na Gaeilge atá cuimsitheach, bunaithe ar chur chuige atá dírithe ar chearta agus a dhéanfaidh teanga oifigiúil den Ghaeilge agus a bhronnfaidh cearta fiúntacha ar chainteoirí na teanga i réimsí éagsúla – na hinstitiúidí polaitiúla, an rialtas áitiúil, córas an cheartais, oideachas, agus na meáin chumarsáide ina measc.
  • Creideann an SDLP gur cheart dá gcuirfí an tAcht i bhfeidhm thall i Westminster sa dóigh is go mbeadh cumhachtaí ar leith a  bhaineann le Westminster, faoi údarás an Achta, mar shampla cúrsaí craolcháin.
  • Tógáil ar na gealltanais a tugadh don Ghaelscolaíocht i gComhaontú Aoine an Chéasta trí chiste forbartha deich mbliana a bhunú don Ghaelscolaíocht a chinnteoidh:
    • Maoiniú leanúnach do Chomhairle na Gaelscolaíochta a thacóidh le tuismitheoirí an Ghaeloideachais a fhorbairt.
    • Maoiniú d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta chun ciste a bhunú le tacú le gaelscoileanna nua.
    • Maoiniú le háiseanna a fhorbairt chun tacú leis an Teidlíocht Oideachais a chur i bhfeidhm in earnáil na Gaelscolaíochta.
    • Maoiniú le haghaidh foirgnimh bhuana a chur ar fáil do naíscoileanna in earnáil
    • an Ghaeloideachais.
    • Maoiniú le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’fhorbairt na réamhscolaíochta in earnáil an Ghaeloideachais.
    • Cúrsaí Gaeilge a fhorbairt do bhunscoileanna lán-Bhéarla.
    • Oiliúint inseirbhíse leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge sna scoileanna sin.
    • Soláthar téacsleabhar, bogearraí, agus áiseanna ‘ar líne’ do scoileanna, atá ag foirstean do chumais agus d’aoiseanna na ndaltaí a bheas á n-úsáid.
    • Soláthar cuí do theagasc na Gaeilge mar ábhar do dhaltaí meánscoile a fuair a gcuid oideachais (nó roinnt de) trí mheán na Gaeilge.
  • An Ghaeilge a bheith aitheanta i mBille na gCeart.
  • Níos mó maoinithe a chur ar fáil don chiste scannánaíochta agus teilifíse.
  • Níos mó maoinithe a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge a chuideoidh leis an teanga a fhorbairt ar fud na hÉireann.
  • Cinntiú go mbeidh RTÉ agus TG4 ar fáil d’iomlán na tíre a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh forbairt agus rath ar an Ghaeilge sa ré dhigiteach.
Dominic Bradley

Issue Spokesperson

Dominic Bradley (MLA)

Email dominicobrolchain@btinternet.com Tel 028 3026 7933
View Dominic's Profile